Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad a bhí i dTascfhórsa Ardleibhéil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le Simpliú?

Chruthaigh Comhairle Rialaithe BCE an Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le Simpliú i mí an Mhárta 2025 chun tograí a fhorbairt d’fhonn an creat rialála, maoirseachta agus tuairiscithe Eorpach a shimpliú, agus, ag an am céanna, earnáil baincéireachta na hEorpa a choimeád láidir.

Cruthaíodh an tascfhórsa le linn díospóireacht dhomhanda leanúnach i dtaobh chastacht na rialacha agus na rialála airgeadais, agus bhí a chuid oibre comhsheasmhach le tionscnamh foriomlán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le simpliú.

Thacaigh an Chomhairle Rialaithe le moltaí an tascfhórsa.

Cad a mhol an tascfhórsa?

Leagtar amach na tograí le haghaidh simpliú sa tuarascáil, Simplification of the European prudential regulatory, supervisory and reporting framework [Simpliú an chreata Eorpaigh rialála stuamachta, maoirseachta agus tuairiscithe], a foilsíodh an 11 Nollaig 2025.

Cumhdaítear trí phríomhréimse sna moltaí: an creat rialála, an creat maoirseachta agus an creat tuairiscithe.

Faoi na moltaí, coimeádtar leibhéal athléimneachta earnáil baincéireachta na hEorpa faoi láthair, tacaítear leis an gcomhar idirnáisiúnta trí chaighdeáin dhomhanda a chomhlíonadh, agus iarrtar go gcuirfear caighdeáin Basel III chun feidhme go hiomlán, go tráthúil agus go dílis i ngach dlínse. Áirithítear leo freisin go mbeidh na creataí éifeachtach i bhfad na haimsire ó thaobh cuspóirí stuamachta a bhaint amach; tá peirspictíocht Eorpach ag gabháil leo atá dírithe ar chomhchuibhiú breise a chothú sna Ballstáit trí chéile. 

Cé a bhí ar an tascfhórsa?

Ba é Luis de Guindos, Leasuachtarán BCE, a bhí ina chathaoirleach ar an tascfhórsa. Ba iad na comhaltaí eile a bhí air ionadaithe na hEastóine (Madis Müller), na Fionlainne (Olli Rehn), na Fraince (François Villeroy de Galhau), na Gearmáine (Joachim Nagel) agus na hIodáile (Fabio Panetta) ar an gComhairle Rialaithe, agus an comhalta ar Bhord Maoirseachta BCE, Sharon Donnery.

Céard é an chéad chéim eile?

Cuireadh na tograí atá sa tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh; tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tuarascáil a fhoilsiú in 2026 maidir le staid fhoriomlán an chórais baincéireachta sa Mhargadh Aonair, lena n-áirítear meastóireacht ar iomaíochas na hearnála baincéireachta, mar a fógraíodh ina Theachtaireacht maidir le haontas coigiltis agus infheistíochta.